An Lutherhaus

 

Ionad foirfe i gcroílár Bhaile Átha Cliath atá oiriúnach do chóir, do cheoltóirí, do thionóil agus do chóisirí.

Ionad do mhórán ócáidí

Ionad geal, nua-aimseartha is ea an Lutherhaus, lárionad an pharóiste. Tá an teach féin ceangailte leis an eaglais stairiúil, Eaglais Naomh Finnian, agus radharc amach uaidh ar an ngairdín mór atá againn – chuirfeadh an leagan amach seo mainistir agus clabhstra i gcuimhne dhuit.

Tá an Lutherhaus agus an Eaglais i gceartlár na cathrach, idir Faiche Stiabhna agus an Chanáil Mhór. Cuirimid seomraí ar cíos do ghrúpaí agus do dhaoine aonair. Tá tuilleadh eolais i dtaobh ár gcuid seomraí le fáil anseo ar an leathanach seo.

An Eaglais

suas go dtí 150 duine

le horgán agus le r-phianó

an-oiriúnach do cheolchoirmeacha móra 

teas aibhléise

An Halla Mór

suas go dtí 80 duine

le Mórphianó (Blüthner)

is féidir boird agus cathaoireacha a leagan amach de réir mar is cuí

córas nua-aimseartha teasa faoin urlár, urlár iontlaise adhmaid

fuaimíocht den scoth, go háirithe do cheoltóirí

rochtain díreach chun na cistine agus chun an ghairdín

An Halla Beag

suas go dtí 25 duine

is féidir boird agus cathaoireacha a leagan amach de réir mar is cuí

córas nua-aimseartha teasa faoin urlár, urlár iontlaise adhmaid

an-oiriúnach do ghrúpaí beaga agus do réamhchleachtaithe aonair

rochtain díreach chun an ghairdín

An Chistin

cistin atá lánfheistithe

le gréithre agus le sceanra

le cócaireán agus le miasniteoir

rochtain díreach chun an halla mhóir

An Bainisteoir Áirithintí

Bí i dteagmháil linn chun praghasanna a fháil agus chun fiosruithe a dhéanamh i dtaobh an Lutherhaus agus Eaglais Naomh Finnian a chur in áirithe

 

Frithjof Berndsen

  frithjof@lutheran-ireland.org

Suíomh