Saol na hEaglaise

Do Pháistí

Krümelgruppe

Sa Krümelgruppe, buaileann leanaí ó aois bhreithe go dtí aois réamhscoile le chéile gach Aoine (ach amháin le linn na laethanta saoire) ó 10.30 a.m. go dtí 12.30 p.m. sa Lutherhaus. Bímid ag sugradh agus ag caint - agus ólaimid cupán caifé i dteannta a chéile. Bígí linn!

Dienstagsmaler

Buaileann an Dienstagsmaler le chéile gach Máirt (ach amháin le linn na laethanta saoire), ó 3.30 p.m. go dtí 5.30 p.m. sa Lutherhaus. Buíon chruthaitheach is ea í seo, agus cuirimid amhránaíocht, lámhcheardaíocht agus cluichí ar fáil do pháistí in aois réamhscoile nó in aois bunscoile. Táimid ag súil le fáiltiú roimh bhaill nua chruthaitheacha!

Do Dhaoine Fásta

Deutscher Kaffeemorgen

Ionad cruinnithe is ea an Deutscher Kaffeemorgen a thionóltar gach Máirt ag 10.30 a.m. (ach amháin le linn na laethanta saoire) dóibh siúd ar fad a labhrann Gearmáinis nó atá ag foghlaim na Gearmáinise. Cuirtear caifé, tae agus cístí beaga ar fáil, bíonn cainteanna le clos agus pléitear ábhair éagsúla a bhíonn i gcónaí suimiúil (saíocht, creideamh, cúrsaí polaitíochta, stair, etc.).

Tionól na mBan

Tagann tionól na mban le chéile ar an gCéadaoin déanach de gach mí ag 7 p.m.: tagaimid le chéile chun aithne a chur ar a chéile, chun spraoi a bheith againn, chun tuairimí a roinnt, chun tacaíocht a thabhairt dá chéile agus chun tionscnaimh a chur chun cinn. Cuirimid fáilte chroíúil roimh gach duine nua a bhuaileann isteach chughainn!

Príomhsheirbhísí

Seirbhís Eocairisteach i mBaile Átha Cliath

Ceiliúraimid an tSeirbhís Eocairisteach sa bhfoirm thraidisiúnta i nGearmáinis gach Domhnach ag 11 a.m. in Eaglais Naomh Finnian, Baile Átha Cliath. Ceiliúrtar an tseirbhís as Béarla ar an Domhnach déanach de gach mí. Chomh maith leis an bhfoirm thraidisiúnta, ceiliúraimid seirbhísí teaghlaigh agus seirbhísí i bhfoirmeacha eile (féach an féilire chun tuilleadh eolais a fháil).

Seirbhísí lasmuigh de Bhaile Átha Cliath

Reáchtáiltear seirbhís Ghearmáinise i mBéal Feirste ar an Domhnach déanach de gach mí ag 3 p.m. Chomh maith leis sin, téimid thimpeall na Poblachta trí huaire sa mbliain agus ceiliúraimid seirbhísí as Gearmáinis sa nGaillimh, i Luimneach, i gCiarraí, i gCorcaigh agus sa Mhuileann gCearr.

Seirbhís do Pháistí

Ceiliúraimid seirbhís (as Gearmáinis) do pháistí i mBaile Átha Cliath ar an gcéad Domhnach de gach mí. Tosnaímid an tseirbhís le chéile san eaglais. Ina dhiaidh sin, eagraítear clár fíorthaitneamhach do na páistí sa Lutherhaus. Tosnaíonn an tseirbhís ag 11 a.m.

Seirbhísí Eile

SundayNight@StFinians

Bíonn seirbhís bhreise againn i lár an mhí tráthnóna Dé Domhnaigh ag 5 p.m., SundayNight@StFinians, seirbhís as Béarla. Ceiliúrtar cineálacha éagsúla liotúirge ag an tseirbhís seo. Gach re mí leanaimid modh an Holden Evening Prayer, is é sin easparta a chantar le tionlacan ceoil a cheap an cumadóir comhaimseartha Meiriceánach, Marty Haugen.

Paidreacha na Déardaoine

Buailimid le chéile ar líne gach Déardaoin ag 8 p.m. Tagaimid le chéile chun paidreacha a rá agus chun ár nguí a dhéanamh de réir traidisiúin phobal Taizé. Bíonn tamall cainte agus comhrá le chéile againn i ndiaidh na bpaidreacha. Cuirtear fáilte mhór roimh chách.

Paidreacha Éacúiméineacha Am Lóin

Ar an gcéad Mháirt de gach mí buaileann dream daoine ó eaglaisí éagsúla le chéile ag 1.05 p.m. ar feadh fiche nóiméad ag Eaglais Naomh Finnian chun paidreoireachta agus chun machnaimh. I ndiaidh na seirbhíse gairide seo, bíonn cupán tae agus lón againn (beir leat, le do thoil, do ghreim lóin féin).