Bí páirteach sa phobal againne
Is iomaí slí inar féidir leat tacú lenár n-eaglais
Bí id bhall
Bí páirteach sa phobal againne, tairbhigh de do chuid ballraíochta, agus cabhraigh linn, trí do chuid ballraíochta, chun an eaglais a bhuanú sa todhchaí óir is iad na baill féin is mó ar fad a mhaoiníonn ár n-eaglais. Is í do chuid ballraíochta an tslí is fearr ar fad chun tacú linn. Is féidir débhallraíocht a bheith ann!
Buntáistí ballraíochta:
Cearta vótála i gcomhair Comhairle na hEaglaise
Lamháltais do Bhaisteadh, do Chóineartú, do Phósadh agus do Shochraidí
Lamháltais chun an Lutherhaus a fháil ar cíos go príobháideach
Nuachtán na hEaglaise sa phost 3 huaire sa mbliain
Teastais i gcomhair clárúcháin scoile
Teastais do chairde as Críost agus teastais bhallraíochta
Riachtanais:
Cónaí a bheith ort in Éirinn nó i dTuaisceart Éireann
Gur baisteadh tú
Táille ballraíochta míosúil
An Táille míosúil?
Molaimid táille míosúil de 21 € do dhaoine aonair agus de 35 € do theaghlaigh, nó ar a laghad 1% den ollioncam (comhpháirteach). Ach, gan amhras: ní cóir go dteipfeadh ar bhallraíocht de dheasca cúrsaí airgid – íocann gach aon duine de réir a acmhainne.
Airgead ón stát?
Toisc gur carthannacht chláraithe sinn, faighimid bónas ó stát na hÉireann i ndeireadh na bliana do na síntiúis bhallraíochta a díoladh de réir na dtáillí a mholtar. Ní fhaighimid cáin eaglaise ón Ghearmáin. Is iad na baill féin is mó ar fad a mhaoiníonn an eaglais.
An raibh fhios agat?
Ceadaítear dúinn de réir dlí na Gearmáine admhálacha síntiúis a eisiúint do tháillí ballraíochta atá íoctha. Agus: má thá dliteanas cánach eaglasta ort sa Ghearmáin i gcónaí, is féidir leat na táillí eaglasta anseo a chur in aghaidh na cánach eaglasta sa Ghearmáin.
Cairde Eaglais Naomh Finnian
Ag so cuireadh dóibh siúd ar fad nach mian leo bheith ina mbaill (toisc nár baisteadh iad nó toisc go mbaineann siad le heaglais eile, nó toisc nach bhfuil cónaí orthu in Éirinn nó i dTuaisceart Éireann) ach gur mhaith leo fós tacú linn bheith ina mbaill de Chairde Eaglais Naomh Finnian!
Buntáistí Chairde Eaglais Naomh Finnian:
Lamháltais do Bhaisteadh, do Chóineartú, do Phósadh agus do Shochraidí
Lamháltais chun an Lutherhaus a thógaint ar cíos go príobháideach
Nuachtán na hEaglaise sa phost 3 huaire sa mbliain
Teastais i gcomhair clárúcháin scoile
Is iomaí slí ann chun tacú linn
Fáiltímid roimh an uile dhuine gur mian leis bheith páirteach san eaglais. Ar bhfuil obair fhiúntach á lorg agat? Ar mhaith leat bheith páirteach in imeachtaí na heaglaise agus tionchur a bheith agat orthu? Bí i dteangmháil linn mar sin! Agus i dteannta a chéile aimseoimid an réimse sin inar féidir leat bheith gníomhach.