Eolas fúinn

Sinne agus ár gcreideamh

An Eaglais Liútarach in Éirinn

Tá breis agus 300 bliain ann ó bunaíodh an Eaglais Liútarach Soiscéalda in Éirinn. Is ó thíortha ina labhartar an Ghearmáinis formhór mór ár gcuid ball. Bíonn dlúthchaidreamh againn dá bhrí sin leis an Eaglais Shoiscéalda sa Ghearmáin. Toisc gur sinne an t-aon eaglais Liútarach in Éirinn, áfach, tagann móran Críostaithe Protastúnacha agus Críostaithe Liútaracha ar fud an domhain ar cuaird chughainn chomh maith. Chun gurbh fhéidir linn freastal orthu, cuirimid mórán seirbhísí i mBéarla ar fáil chomh maith leis na gnáthsheirbhísí Gearmáinise. Is iad International Lutherans Dublin, craobhphobal dár gcuid, a eagraíonn an mhinistreacht i mBéarla.

Is í príomhimeacht na heaglaise ná seirbhís an Domhnaigh in Eaglais Naomh Finnian i gceartlár Bhaile Átha Cliath, áit a dtagaimid le chéile le muinín as ár dTiarna Íosa Críost. San adhradh dúinn, éistímid le dea-scéal bhriathar Dé, deinimid muintearas le Dia agus lena chéile, canaimid, guímid agus ceiliúraimid an Chomaoineach Naofa. San adhradh dúinn, faighimid sólás, dóchas, muintearas, misneach agus treoir, agus aithnímid Dia féin san uile ní. Fáiltímid rompu siúd ar fad gur mian leo bheith gníomhach inár n-eaglais, agus, sa tslí sin, ár bpobal a shaibhriú lena gcreideamh, lena gcuid ceisteanna, lena gcuid smaointe.

Is ball í ár n-eaglais de chomhphobal na n-eaglaisí Liútaracha ar fud an domhain a chloíonn le traidisiún Reifirméisean Wittenberg Martin Luther 1517. Tá breis agus 72 milliún Críostaithe Liútarach ar fud na cruinne. Mar eaglais Liútarach, bímid páirteach sa ghluaiseacht éacúiméineach agus bímid i mbun comhráití idirchreidmheacha in Éirinn.

An Eaglais Liútarach sa Latvia:

Léigh a thuilleadh (Nasc)

An Eaglais Liútarach sa Phólainn:

Léigh a thuilleadh (Nasc)

An Eaglais Liútarach sa tSualainn (Londain):

Léigh a thuilleadh (Nasc)

"Fógraíonn an Eaglais Liútarach in Éirinn gurb é Íosa Críost Tiarna na hEaglaise Críostaí ar fud an domhain, a ghníomhaíonn, tríd an Spiorad Naomh, san Eaglais le Briathar agus le Sacraimint.''

Ó Réamhrá ár mBunreachta

"Creidim gur chruthaigh Dia mé agus dúile uile na cruinne; gur thug sé dom mo chorp agus m'anam, gur thug sé dom mo shúile, mo chluasa agus mo bhaill uile, gur thug sé dom mo chiall agus mo chéadfaí uile, agus go gcoimeádann sé i gcónaí iad."

Martin Luther as an gCaiticeasma Beag