I gCaitheamh do Shaoil

Cúram Tréadach

Mar eaglais, bímid ag tacú leat le cúram tréadach agus le deasghnátha a thabharfaidh misneach duit: bí ag caint linn, pé acu comhrá a bhíonn i gceist, nó faoistin, nó an chomaoineach a ghlacadh sa mbaile, do áitreabh a bheannú, nó beannacht a chur leat agus tú ag fágaint na hÉireann. Is chun tacú leat atáimid anseo!

An Baisteadh

Is ea is baisteadh ann ná beannacht Dé á bronnadh ort – an bheatha á ceiliúradh! Nuair a bhaistear sinn, glactar linn isteach sa phobal Críostaí ar fud an domhain. Is féidir páistí agus daoine fásta a bhaisteadh san Eaglais Liútarach in Éirinn.

Cóineartú

Cuir eolas ar shaol an chreidimh! Sa chóineartú, dearbhaíonn tú do dhílseacht do Dhia agus do do bhaisteadh féin. Eagraítear ár gcampa cóineartaithe gach bliain le linn Seachtaine na Páise roimh Cháisc. Is ortsa a bhíonn an campa dírithe, ar do shaol agus ar an tslí ina dtéann an creideamh i bhfeidhm ar do shaol. Bí páirteach ann!

Pósadh

Is aoibhinn linn go bhfuil sibh tar éis bualadh lena chéile agus go bhfuil ar intinn agaibh pósadh! Chomh maith leis an `glacaim leat' a déarfaidh sibhse, beidh an `glacaim libh' a déarfaidh Dia, agus an bheannacht a bhronnfaidh sé oraibh, in éineacht libh agus sibh ag dul i mbun bhur saoil le chéile. De réir dlí na hÉireann, is féidir póstaí sibhialta a cheiliúradh san Eaglais Liútarach in Éirinn chomh maith.

Bás agus Brón

An té a bhíonn ag fáil bháis agus ag fágaint slán ag an saol, is mór mar a thacaíonn an creideamh Críostaí leis, agus lena mhuintir, tríd an dóchas agus trí na deasghnátha Críostaí a thugann misneach agus neart dúinn.

Beidh an Eaglais Liútarach in Éirinn ag tacú leat in aimsir an chumha agus an bhróin.